Scoil Cheoil an Earraigh

Posted in February ~ Feabhra

Scoil Cheoil an Earraigh

Scoil Cheoil an Earraigh is an annual 5 day Traditional Music School, which takes place in Ballyferriter, Co. Kerry. Over the 5 days, there are a variety of music workshops, sessions, concerts, singers’ nights, recitals, a pupils’ concert, guided walk, and all sorts of other events. A stronghold for the music, style and language of Corca Dhuibhne/Dingle Peninsula.

 This years Scoil Cheoil na Earraigh takes place from

14th - 18th February 2018

 

This years concerts will feature performances from many musicians including Steve Cooney, Dave Hegarty, Christy Barry, Dermot McLaughlin, Graham Guihan, Nell Ní Chróinín, Shane Mulchrone and plenty more. Coming to Scoil Cheoil an Earraigh not only gives people the opportunity to get a taste of the local music and song, but it gives people a chance to experience the richness of the Irish language here in the heart of the Kerry Gaeltacht. People have the opportunity to attend a ‘ciorcal comhrá’ (conversation circle) where they can practice their cúpla focal, and for those whose ambitions lie further afield, we have classes in Gáidhlig (Scotts Gaelic).

We are also delighted to have the opportunity to invite musicians from all over Ireland to come to Scoil Cheoil to take part in teaching classes and performing at concerts and recitals. Baile an Fheirtéaraigh is a small village with a great energy and a huge enthusiasm for music and is a great place to spend a few days enjoying the music and the company.

Visit their website for a detailed programme http://www.scoilcheoil.com/

-----------------------------------------------------------------------

Maireann imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh thar tréimhse 5 lá agus tugaimíd aird ar leith do cheol, amhráin agus stíl Chorca Dhuibhne. Beidh Scoil Cheoil an Earraigh 2018 ar siúl ó Dé Céadaoin an 14ú Feabhra go dtí’n Domhnach an 18ú lá i mBaile an Fheirtéaraigh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bíonn suas le 25 rang agus ceardlann éagsúil ar siúl i réimse leathan uirlisí traidisiúnta chomh maith le amhránaíocht ar an sean-nós agus damhsa ar an sean-nós. Chomh maith leis sin, bíonn ceolchoirmeacha, seisiúin, oíche amhránaíochta, siúlóid, léacht, oscait oifigiúil agus go leor imeachtaí eile a bhaineann lenár dtraidisiún. Tugann Scoil Cheoil an Earraigh deis do dhaoine blaiseadh a fháil de shaibhreas ceoil agus cultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus dar ndóigh, dár dteanga chomh maith, agus muid suite i gcroí lár na Gaeltachta. Bíonn an deis ag daoine freastal ar ‘chiorcal comhrá’ áit ar féidir leo an ‘cúpla focal’ a chleachta agus cur lena saibhreas teangan fhéin. Dóibh siúd go bhfuil suim acu i gcultúr ár gcomharsain Gaelacha in Albain, tá ranganna cainte agus amhránaíochta i nGáidhlig (Scotts Gaelic). Tagann ceoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile le ceolchoirmeacha a chuir ar fáil, bíonn foghlaimeoirí agus a gcairde ó gach cearn don tír agus níos faide ó bhaile, i láthair le freastal ar na ranganna ceoil, amhránaíochta agus rince, agus le blaise a fháil den cheol agus an chultúr i gcaitheamh tréimhse na Scoile. Táimid ag súil go mór fáilte a chur roimh scoth na gceoltóirí agus amhránaithe ag ceolchoirmeacha, ranganna agus imeachtaí na Scoile Ceoil i mbliana, ina measc Steve Cooney, Dave Hegarty, Christy Barry, Dermot McLaughlin, Graham Guihan, Nell Ní Chróinín, Shane Mulcrone agus go leor eile. Baile beag bríomhar, ceolmhar is ea An Buailtín (Baile an Fheirtéaraigh) agus beidh míle fáilte romhaibh a bheith inár gcuideachta ar feadh roinnt laethannta le sásamh a bhaint as ár gceol, ár gcultúr agus ár gcomhluadar.

  • E-mail: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
  • Distance from Dingle Town: 10-15km
  • Nearest Town or Village: Ballyferriter / Baile an Fheirtéaraigh

Hits

8230

Travel Information

Read our guide about

Transport on the Dingle Peninsula