Corca Dhuibhne

Ar Shlí Atlantach Fhiáin Chiarraí, Co.Chiarraí, Éire

Always Magical - I gCónaí Draíochtúil

‘An áit is áille ar domhan’- National Geographic

‘Ainmnithe is measc an 100 ceann scríbe is fearr ar domhan’ – Trip Advisor

‘Ceann scríbe geimhridh fábhrach’ – CNN

Suíomh scannánaíochta do Star Wars VIII, The Last Jedi, Ryan’s Daughter agus Far and Away....

Síneann leithinis Chorca Dhuibhne 30 míle (48 cilliméadar) amach chomh fada leis an Atlantach ar an gcósta iar-dheisceart, ar Shlí Atlantach Fhiáin na hÉireann. ‘Siad sléibhte Shliabh Mis, An Chonair agus Cnoc Bréanainn, an dara shliabh is airde in Éirinn, a dhéanann suas cnámhdroma na leithinse. Tá an cósta iontach déanta suas de haillte farraige ghéara cosúl le Ceann Sléibhe, cinn tíre drámatúla le tránna gainmheacha ina lár, le trá Inse ó dheas agus tambaló an Mhachaire ó thuaidh.

Luíonn na Blascaodaí i dtreo an iarthair agus tá sráidbhailte aoibhinne a chuireann a dtairiscintí uathúla féin ar fáil scaipthe timpeall na leithinse.

Caith am in áit saibhir i dtraidisiún, litríocht agus cultúr. Áit a bhfuil an Ghaeilge, an teanga dhúchais, le clois i measc na dteangacha nua-aimseartha, áit a chuireann an nádúr suaimhneas ar fáil don spiorad, áit gur féidir leat do scíth a ligint agus taithneamh a bhaint as na radharcanna, an flóra agus an fána, an ealaíon agus an ghrianghrafadóireacht, bealaí ceardaíochta, an cultúr, an seandálaíocht, an bia áitiúil, na drioglanna agus grúdlanna ceirde, nó díreach bualadh leis na daoine áitiúla - is agatsa atá an rogha.


FAN IN ÁR SRÁIDBHAILTE

Tum tú féin in ár n-eispéiris áitiúla

Tar agus buail leis na daoine áitiúla in áit lán do charachtar agus do charachtair! Bain triail as cúpla focal, féach ar chluiche Peil Ghaelach, glac páirt i seisiún ceoil traidisiúnta nó tar go ceann d’ár bhféilte áitiúla a bhíonn ar siúl trasna na bliana. Le rogha sráidbhailte, ó bhailte beaga iascaireachta go bailte margaidh go trá-bhailte, tá ualach le feiscint, le déanamh agus le taiscéaladh!

Níos mó ná cuairt lae..

Is ceann scríbe ann féin í Corca Dhuibhne!

Tá rud éigin le tairiscint ag an leithinis do gach éinne - iad siúd a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht - Slí Chorca Dhuibhne agus bealaí siúlóide ársa eile, bealaí rothaíochta, galf, bealaí marcaíocht chapaill, gníomhaíochtaí uisce – surfáil, cadhcáil, turasanna báid éiceolaíocha, gaothshurfáil, tumadóireacht, rámhaíocht, seoltóireacht, slatiascaireacht, snámh ar thránna brait ghoirm; spraoi don gclann – uisceadán, feirm pheataí, balla dreapadóireachta, campaí samhraidh; scíth agus folláine; saoire oideachasúla; eachtraí spóirt tumthacha; oidhreacht agus geolaíocht; siopadóireacht.....sssshhhh, agus ualach eile...

 

Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne – Ag cur Corca Dhuibhne chun cinn le chéile

Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne – Ag cur Corca Dhuibhne chun cinn le chéile